+353 (0) 7495 31611
amharclann1961@gmail.com

Geaimaireacht 28ú/29ú Feabhra & 1ú/2ú Márta @ 20:00. Ticéid ar fáil sa Chrannóg, Siopa Molloy’s (Spar), agus len nasc thíos. €15 (daoine fásta). €10 (faoi 12)

CEANNAIGH TICÉAD

“Scoraíocht Dhiarmuda & Ghráinne, Ar Oileán an Ghnáth” geamaireacht draoíchtúil, spraíúil agus lán grinn le léiriú in Amharclann Ghaoth Dobhair

Is cúis mhór áthais d‘Amharclann Ghaoth Dobhair a fhógairt go mbeidh an gheamaireacht “Scoraíocht Dhiarmuda & Ghráinne, Ar Oileán an Ghnáth” geamaireacht nua-scríofa ag an údar ildánach Eoghan Mac Giolla Bhríghde, á léiriú ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair ón 28ú Feabhra go dtí an 2 Márta seo chugainn.

Suite i ndomhan draíochtúil Oileán an Ghnáth, nochtann “Scoraíocht Dhiarmuda & Ghráinne” scéal eachtraíochta lán le greann, draíocht, rómánsaíocht agus magadh. Tá an scéal dírithe ar an cleamhnas atá beartaithe idir an Prionsa Diarmuid agus an Banphrionsa Gráinne, pósadh a d’fhéadfadh síocháin agus rath a thabhairt dá ríochtaí. Ach ar an drochuair, tá banríon an dorchadais, Mórígan, agus a comhpháirtí, an vaimpír fuilteach Abhartach, ag pleanáil cur isteach ar an chleamhnas seo ar mhaithe leo féin.

Le carachtair éagsúla, amhail Dagda an Draoi, Rí Lugh, an fuirseoir Manannán, Brigid, Nancy an bheansí, agus an carachtar mistéireach Bi-dad a mhac, téann an scéal trí fhoraoisí draíochtúla, caisleáin mhóra, agus saotharlanna mistéireacha. Meascann an gheamaireacht, atá feilúnach do teaghlach uilig, eilimintí traidisiúnta scéalta béaloidis agus greann, a thabharfaidh an lucht féachana ar thuras spraíúil.

Is ó thobar chruthaitheach Eoghan Mac Giolla Bhríghde a thagann an gheamaireacht nua seo agus níl amhras ar bith ná go rachfaidh an saothar i gcion ar an lucht féachana ó thús deiridh.
“Táimid ar bís an scéal draíochtúil seo a thabhairt chun beatha in Amharclann Ghaoth Dobhair” a dúirt Mac Giolla Bhríghde. “Tá súil againn go mbeidh deora i súile an lucht féachana, idir óg agus aosta, ‘sé sin deora siocair iad a bheith ag gáirí” a dúirt sé.

Tá ticéid do “Scoraíocht Dhiarmuda & Ghráinne” ar fáil anois. Is féidir iad a cheannacht sa Chrannóg, i Siopa SPAR Molloy’s agus ar Ticket Tailor. Beidh aon ticéad a bheidh fágtha ar díol ag an doras ar an oíche.

**Maidir le Amharclann Ghaoth Dobhair:**
Tá Amharclann Ghaoth Dobhair, suite i gcroílár Ghaoth Dobhair,
Is í Amharclann Ghaoth Dobhair an t-aon Amharclann Ghaeilge sa tír atá suite i gcroí lár Ghaeltacht. Tá tobar domhain teanga agus saibhreas teanga i gceantar Ghaoth Dobhair. Tá pobal ildánach thart timpeall air ina bhfuil ealaíontóirí cruthaitheacha cumasacha le fáil ann. Is é cur chuige na hAmharclainne ná lárionad ealaíne den scoth a chur ar fáil don phobal chun an saol cruthaitheach seo a léiriú agus a chur chun cinn sa cheantar uathúil, leitheadach seo.
______________________________________________________

Gach eolas: Eoghan Mac Giolla Bhríghde 087 2853800

BUY TICKETS

Pantomime 28th/29th February & 1st/2nd March @ 20:00. Tickets on sale at An Crannóg and Molloys (Spar) Ticéid ar fáil sa Chrannóg, Siopa Molloy’s (Spar). €15 (Full price ticket). €10 (under 12)

“Scoraíocht Dhiarmuda & Ghráinne, Ar Oileán an Ghnáth” – A Magical, Fun-filled, and Hilarious Pantomime to be Staged at Amharclann Ghaoth Dobhair**

Amharclann Ghaoth Dobhair is thrilled to announce the upcoming pantomime “Scoraíocht Dhiarmuda & Ghráinne, Ar Oileán an Ghnáth”, a newly written pantomime by the talented author Eoghan Mac Giolla Bhríghde. It will be performed by Aisteoirí Ghaoth Dobhair from February 28th to March 2nd, promising an unforgettable experience for audiences of all ages.

Set in a magical world, “Scoraíocht Dhiarmuda & Ghráinne” unveils a story filled with humour, magic, romance, and mischief. The story centres on the arranged marriage between Prince Diarmuid and Princess Gráinne, a union that could bring peace and prosperity to their kingdoms. However, the dark sorceress Mórígan and her partner, the bloodthirsty vampire Abhartach, scheme to disrupt this union for their own gains.

Featuring a variety of characters, such as Dagda the Druid, King Lugh, the jester Manannán, Brigid, Nancy the banshee, and the mysterious character Bi-Dad a Mhac, the story traverses magical forests, grand castles, and mysterious laboratories. This family-friendly pantomime blends traditional fairy tale elements with contemporary humour and satire, taking the audience on an entertaining journey.

This production, born from Eoghan Mac Giolla Bhríghde’s creative genius, is sure to mesmerise the audience from start to finish. “We’re very excited to bring this magical story to life at Amharclann Ghaoth Dobhair,” said Mac Giolla Bhríghde. “We hope to bring tears to the eyes of our audience, young and old, tears of joy from laughter, of course” he added.

Tickets for “Scoraíocht Dhiarmuda & Ghráinne” are now available. They can be purchased at An Chrannóg, Molloy’s SPAR and on Ticket Tailor. Remaining tickets will be on sale on the door.

**About Amharclann Ghaoth Dobhair:**
Located in the heart of Gaoth Dobhair, Amharclann Ghaoth Dobhair is the country’s only Irish-language theatre situated in the heart of a Gaeltacht. The Gaoth Dobhair area boasts a deep well of language and cultural richness. It is surrounded by a creative community filled with talented artists. The theatre’s approach is to provide an outstanding arts centre for the community to showcase and promote this creative life in this unique and expansive area.
______________________________________________________

For more information:
Eoghan Mac Giolla Bhríghde 087 2853800

CEANNAIGH TICÉAD

Read more