Bhí sé i gceist athchóiriú a dhéanamh ar Amharclann Ghaoth Dobhair le roinnt blianta anuas agus cuireadh cáipéisí faoi bhráid na ndlíodóirí lena gcur in ord agus eager agus le stádas carthanntachta a bhaint amach. Ar na droch uair ghlac sé chuid mhór ama. Ceapdh aturnae nua, Eamonn Mac Giolla Bhríde, leis an obair a chur I gcrích.

Ceapadh na hAiltirí Muinebeag Pleanáil & Innealtóirí Teoranta le pleananna a réitiú d’athchóiriú agus méadú na hAmharclainne. I Meán Fómhair na bliana 2009, cuireadh na pleananna chuig Chomhairle Chontae Dhún na nGall agus fuarthas cead pleanála i mí na Samhna, 2009.

Tionóladh cruinniú leis an Aire Ghóíthí, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Eamonn Ó Cuiv le linn dó a bheith I nGaoth Dobhair sular n-aistríodh é go dtí an Aireacht ata aige faoi láthair. Gheall an tAire €500,000 don chead chuid den togra agus moladh don chumann an obair a roinnt I dtrí coda, ag toiseacht leis an obair a bhí éigeantach, i.e. an díon, an teas agus an leictreachas. Ni raibh aon rud curtha I scríbhinn agus ar an droch uair tharla an ghéar chéim eacnamaíochta agus tugadh le fois nach raibh airgead ar fáil don togra. De bharr sin, tá muid ag cur iarratais faoi bhráid Fiontar na Cuinge.